
20260101_IRISH__cuigear_gortaithe_in_ionsai_coirloiscthe_i_mbaile_atha_cliath
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/27fsagpu
Contact: [email protected]
Five people injured in arson attack in Dublin.
Cúigear gortaithe in ionsaí coirloiscthe i mBaile Átha Cliath.
A woman in her forties and a teenage boy were seriously injured in an arson attack on a house in Finglas, north Dublin, early this morning.
Gortaíodh go han-dona bean sna daichidí agus buachaill sna déaga in ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu.
A woman in her twenties and two teenage girls were also injured in the attack on the house on Creston Avenue at around 12.45 this morning.
Gortaíodh chomh maith bean sna fichidí agus beirt chailíní sna déaga san ionsaí a rinneadh ar an teach ar Ascaill Creston ag thart ar 12.45 ar maidin.
The lives of the last three are said to be out of danger.
Deirtear nach bhfuil beatha an triúir dheireanaigh sin i mbaol.
The five are being treated at Connolly Hospital in Blanchardstown and the Children’s Hospital on Temple Street.
Tá cóir leighis á chur ar an gcúigear in Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir agus in Ospidéal na Leanaí ar Shráid Temple.
The Gardaí are to conduct a forensic examination of the house shortly.
Tá scrúdú dlí- eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an teach gan mhoill.
Between the two lines, they are appealing to anyone who saw anything out of the ordinary in the Creston area last night to come talk to them.
Idir an dá línn, tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic aon ní as bealach i gceantar Creston aréir teacht chun cainte leo.
RTÉ News and Current Affairs The malicious burning took place on Creston Avenue in Finglas
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Is ar Ascaill Creston i bhFionnghlas a rinneadh an dó mailíseach
Mais episódios de "Learn Irish with daily podcasts"



Não percas um episódio de “Learn Irish with daily podcasts” e subscrevê-lo na aplicação GetPodcast.








