
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá fiche de mhí Aibreán. Is mise Sibéal Dempsey.
Fuair an Pápa Proinsias bás Dé Luain de bharr stróc agus cliseadh croí, tar éis dó a bheith thíos le tinneas riospráide den chuid is mó den bhliain seo. Glacadh isteach san ospidéal é
den chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina niúmóine dúbailte sa deireadh. Bhí an Pápa, a bhí ochtó a hocht mbliana d’aois, ar an gcéad phontaif as Meiriceá Laidineach agus bhí cáil air, i measc rudaí eile, as dúshlán a thabhairt do ghníomhaíochtaí polaiteoirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim aeráide agus as a bheith ina ghuth do na boicht. Bhí a láithreas poiblí deireanach ar an Domhnach nuair a thug sé beannacht na Cásca i gcearnóg Naomh Peadar. Tá Kevin Farrell, a rugadh i mBaile Átha Cliath, chun an Vatacáin a stiúradh go dtí go
dtoghfar pápa nua, rud a bhfuiltear ag súil leis sna seachtainí beaga amach romhainn.
Tá tuairiscí ar an dara seomra comhrá Signal a úsáideadh chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe a phlé ag cur brú ar rúnaí cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, éirí as. I measc an chomhrá bhí Hegseth, a bhean chéile, a dheartháir agus timpeall dosaen duine eile. Sa chomhrá, tá sé i gceist gur roinn Hegseth sonraí faoi ionsaí na Stát Aontaithe ar reibiliúnaigh Yemeni Houthi an mhí seo caite lena n-áirítear sceidil eitilte, cosúil leis an méid a roinneadh sa chéad chomhrá Signal go poiblí an mhí seo caite. Chosain Trump Hegseth ag
ócáid chaitheamh Uibheacha na Cásca sa Teach Bán ag rá go raibh jab iontach á dhéanamh aige.É sin ráite, deir saineolaithe slándála gur féidir go mbeidh spiairí idirnáisiúnta ag díriú ar Hegseth anois.
Fógraíodh rialacha nua maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar an tseachtain seo. Chuir ceann amháin díobh sin, go gcaithfidh an painéal moltóirí féachaint ar na scannáin ábhartha ar fad, fearg ar dhaoine nach raibh sé seo ina riachtanas cheana féin. Mar thoradh ar riail nua eile, go bhféadfaí scannáin atá ag brath ar Intleacht Shaorga a roghnú mar bhuaiteoirí, tá díospóireacht theasaí ar siúl, cé go bhfuil sé ráite ag an Acadamh freisin go measfadh sé rannpháirtíocht an duine sa phróiseas roghnúcháin. Tháinig fadhb chun cinn maidir le húsáid intleacht shaorga i scannáin bhuaiteacha tar éis é a úsáid chun an scannán The Brutalist a fhorbairt, go háirithe chun blas an phríomh-aisteora a fheabhsú nuair a labhair sé san Ungáiris. Tá béim curtha ag roinnt aisteoirí agus scríbhneoirí scáileáin ar an mbaol go gcaillfí saothar le intleacht shaorga agus go n-úsáidfí é chun mí-úsáid a bhaint as a n-íomhá féin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cliseadh croí - heart failure
tinneas riospráide - respiratory illness
sceidil eitilte - flight schedules
spiairí idirnáisiúnta - international spies
díospóireacht theasaí - heated debate
intleacht shaorga - artificial intelligence
Weitere Episoden von „Nuacht Mhall“
Verpasse keine Episode von “Nuacht Mhall” und abonniere ihn in der kostenlosen GetPodcast App.