Learn Irish with daily podcasts podcast

20260417_IRISH__an_t-amhranai_mor_le_ra_moya_brennan_tar_eis_bhais

0:00
14:03
15 Sekunden vorwärts
15 Sekunden vorwärts

<span data-mce-type="bookmark" style="display: inline-block; width: 0px; overflow: hidden; line-height: 0;" class="mce_SELRES_start"></span>

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dgmvzon

Contact: [email protected]

Legendary singer Moya Brennan has died.

An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis.

Northwest Reporter The famous singer from the Donegal Gaeltacht, Moya Brennan, has died.

Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá an t-amhránaí cáiliúil as Gaeltacht Dhún na nGall Moya Brennan tar éis bháis.

She was 73 years old and had been ill for some time.

Bhí sí 73 bliain d&#8217;aois agus bhí sí tinn le tamall.

Máire Ní Bhraonáin first achieved fame as the lead singer and harpist with the group Clannad from Dobhar in Gaoth Dobhair.

Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad as Dobhar i nGaoth Dobhair.

Máire was the eldest of nine children – Clannad – who took music seriously since 1970.

Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne – Clannad – a chuaigh leis an cheol go dáiríre ó 1970.

She, her sister Eithne (Enya) and her brothers captivated millions with their modern versions of Irish music before taking to the international stage and singing English songs.

Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla.

It was their own Irish language song they recorded for the television series Harry&#8217;s Game in 1982 that introduced them to the wider world outside of Ireland.

Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry&#8217;s Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d&#8217;Éirinn.

&#8220;The east and the west, which have always come, the moon and the sun will go&#8230;

&#8220;Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian &#8230;

&#8221; – part of the significance of those lyrics and Máire&#8217;s magical voice together.

&#8221; – cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht.

From a young age, Máire was involved in music at home with her mother Máire Ní Dhúgáin, later in dance halls and in her father&#8217;s pub, Leo Brennan, and in local gigs in Gaoth Dobhair.

Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair.

Much later, she recorded music with some of the greatest performers of her time, such as Bono and Shane MacGowan.

I bhfad ina dhiaidh sin, thaifead sí ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan.

She recorded a total of 25 albums – with Clannad and on her own – and sold 20 million of them.

25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu.

In the Year of the Millennium, she sang her song Perfect Time on World Youth Day in Rome in front of Pope John Paul II and two million pilgrims.

I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach.

Her voice can also be heard on major films such as Titanic, King Arthur and To End All Wars.

Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars.

Since 2007, Moya has performed in the female group T with the Maggies with Mairéad Ní Mhaonaigh and Maighread and Tríona NÍ Dhomhnaill.

Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighread agus Tríona NÍ Dhomhnaill.

Since 2013 she has returned to harp music with a new traditional group.

Ó 2013 phill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisúnta.

Moya often donated her musical talents free of charge to causes and charities close to her heart, including the families of the Creeslough disaster in her own county.

Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh thubaiste an Chraoslaigh ina contae féin ina measc.

In 2023, Máire was awarded the Donegal Personality of the Year Award and the following year Donegal County Council awarded her and Clannad the freedom of the county for their contributions to music and the Irish language.

In 2023, bronnadh Gradam Phearsa Dhún na nGall ar Mháire agus an bhliain dar gcionn bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall saoirse an chontae uirthi féin agus ar Chlannad as a raibh déanta acu ar son an cheoil agus na Gaeilge.

She is survived by her husband and manager Tim Jarvis and their two children Paul and Aisling.

Maireann a fear céile agus a bainisteoir Tim Jarvis agus a mbeirt chlainne Paul agus Aisling.

Weitere Episoden von „Learn Irish with daily podcasts“