Learn Irish with daily podcasts podcast

20260317_IRISH__an_iarain_a_slacairt_an_athuair_ag_forsai_iosrael

0:00
15:51
Rewind 15 seconds
Fast Forward 15 seconds

<span data-mce-type="bookmark" style="display: inline-block; width: 0px; overflow: hidden; line-height: 0;" class="mce_SELRES_start"></span>

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/27q6mz22

Contact: [email protected]

Iran is being crushed again by Israeli forces.

An Iaráin á slacairt an athuair ag fórsaí Iosrael.

Israeli military forces are clearly not resting on their laurels, as they are carrying out another massive raid this morning on the Iranian capital, Tehran, after suffocating the place overnight.

Níl suí ná foras ar fhórsaí míleata Iosrael, is léir, agus iad ag tabhairt ollruathair arís ar maidin ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, tar éis dóibh an áit a shlacairt i gcaitheamh na hoíche.

There is no word yet on the dead but it is assumed that scores of them are there.

Níl aon chaint fós ar na mairbh ach glactar leis go bhfuil na scórtha acu ann.

Two other cities – Shiraz in southern Iran and Tabriz in the northwest – have also been bombarded by the Israelis since morning.

Dhá chathair eile – Shiraz i ndeisceart na hIaráine agus Tabriz san iarthuaisceart – tá siad á dtuairgneáil ag na hIosraelaigh ó mhaidin chomh maith.

It is not a time of neglect or delay for the Israelis in Lebanon either, and it is reported that they are once again bombing villages in the south of that country.

tráth faillímoille ag na hIosraelaigh é sa Liobáin ach an oiread, agus tuairiscítear go bhfuil sráidbhailte i ndeisceart na tíre sin á mbuamáil acu arís.

The Israeli army says it is also fighting Hezbollah on the ground.

Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag dul i ngleic le Hezbollah ar an talamh freisin.

It appears that Iranian military forces fired an explosive drone at Dubai airport this morning, hitting a large fuel tank.

Is cosúil gur scaoil fórsaí míleata na hIaráine drón pléascach le haerfort Dubai ar maidin agus gur buaileadh mórumar breosla ann.

Smoke is rising from the tank but it doesn&#8217;t appear to be affecting flights at the airport much.

deatach ag éirí as an umar ach dealraíonn sé nach bhfuil sé ag cur isteach mórán ar eitiltí san aerfort.

Military authorities in the United Arab Emirates say they have been diverting or shooting down dozens of Iranian drones since morning.

Deir na húdaráis mhíleata in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go bhfuil na scórtha drón ón Iaráin á gcur malairt riain acu nó á séideadh san aer acu ó mhaidin.

Not to mention the destruction and killing, the economic toll of unrest is affecting countries around the world, including, what else, the countries that are waging war on Iran.

Gan trácht ar an scrios agus an marú, tá deasca eacnamaíochta na corraíola ag cur isteach ar thíortha an domhain, lena n-áirítear, cad eile, na tíortha atá ag cur an chogaidh ar an Iaráin.

The most pressing issue for them at the moment is the unhindered passage of oil and gas tankers through the Strait of Hamuz in southern Iran, while the Iranians still have some control over that neck of water.

Tancaeir ola agus gáis a sheoladh saor ó bhuaireamh trí Chaolas Hamuz i ndeisceart na hIaráine is mó atá ag déanamh scime dóibh i láthair na huaire agus smacht áirithe go fóill ag na hIaránaigh ar an muinceann uisce sin.

The European Union&#8217;s foreign affairs and security chief, Kaja Kallas of Estonia, indicated that EU naval ships might be sent to the region to pressure the Iranians to allow fuel tankers through.

Ceannasaí gnóthaí eachtracha agus slándála an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas as an Eastóin, thug sí le fios go mb&#8217;fhéidir go seolfaí longa cabhlaigh ón Aontas chuig an réigiún chun brú a chur ar na hIaránaigh tancaeir bhreosla a ligean tríd.

It seems that Denmark is in favor of that.

Dealraíonn sé go bhfuil an Danmhairg ina fhabhar sin.

Yes, and Britain – a former member state – but Germany is adamant about it.

Tá, agus an Bhreatain – iar&#8211;bhallstát – ach tá an Ghearmáin patuar ina leith.

The foreign ministers of the member states will discuss the matter today, Kallas said.

Pléifidh airí gnóthaí eachtracha na mballstát an scéal inniu, a dúirt Kallas.

It is unclear what exactly the European naval ships would do in that part of the Persian Gulf, but British Prime Minister Keir Starmer suggested that a threatening nod to the Iranians might be enough.

Níl sé soiléir cad go baileach a dhéanfadh na longa cabhlaigh ón Eoraip sa chuid sin de Mhurascaill na Peirse ach thug Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer le tuiscint go mb&#8217;fhéidir go mba leor nod bagrach do na heolaigh san Iaráin.

All this in light of demands from US President Donald Trump that other countries come to the aid of the Americans in the Strait of Hormuz to ensure that tankers are allowed to enter and exit again.

É sin ar fad i bhfianaise éileamh ó Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go dtiocfadh tíortha eile i gcabhair ar na Meiriceánaigh i gCaolas Hormuz chun a chinntiú go mbeadh cead isteach ann agus cead amach as an athuair ag tancaeir.

It is through this strait that a fifth of the world&#8217;s oil supplies and a fifth of the world&#8217;s liquefied gas are delivered every day.

Is tríd an gcaolas sin a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás leachtaithe an domhain gach aon lá.

RTÉ News and Current Affairs Traces of bombings in a residential area of the Iranian capital, Tehran, 15 March 2026

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lorg na buamála i gceantar cónaithe i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, 15 Márta 2026

More episodes from "Learn Irish with daily podcasts"